10.25419/rcsi.10770668.v1 Karen Morgan Karen Morgan Hannah McGee Hannah McGee Dorothy Watson Dorothy Watson Ivan Perry Ivan Perry Margaret Barry Margaret Barry Emer Shelley Emer Shelley Janas Harrington Janas Harrington Michal Molcho Michal Molcho Richard Layte Richard Layte Nuala Tully Nuala Tully Eric van Lente Eric van Lente Mark Ward Mark Ward Jennifer Lutomski Jennifer Lutomski Ronán Conroy Ronán Conroy Ruairi Brugha Ruairi Brugha SLAN 2007: Suirbhe ar Nosanna Maireachtala, Dearcai agus Cothu in Eirinn: Priomhthuarascail Royal College of Surgeons in Ireland 2019 SLAN Nosanna Maireachtala Dearcai Cothu Psychology and Cognitive Sciences not elsewhere classified 2019-11-22 15:29:57 Report https://repository.rcsi.com/articles/report/SLAN_2007_Suirbhe_ar_Nosanna_Maireachtala_Dearcai_agus_Cothu_in_Eirinn_Priomhthuarascail/10770668 <p>Is éard atá sa tuarascáil seo na príomhthorthaí ó Shuirbhé ar Nósanna Maireachtála, Dearcaí agus Cothú in Éirinn 2007 (SLÁN 2007). Is é seo an tríú suirbhé SLÁN agus an suirbhé is mó agus is é seo an chéad suirbhé a áirítear teangacha eile ann seachas Béarla agus Gaeilge. Rinneadh staidéir eile roimhe seo in 1998 (Friel et al, 1999) agus 2002 (Kelleher et al, 2003). Tá an dá thuarascáil seo le fáil ar an láithreán gréasáin www.healthpromotion.ie/publications. Rinneadh príomhshuirbhé SLÁN 2007 trí agallaimh duine le duine. Bhí dhá staidéar foghrúpa ann (i) tomhas airde, meáchain agus imlíne coime (foghrúpa freagróirí níos óige) agus (ii) scrúdú fisiciúil níos mionsonraithe (foghrúpa de fhreagróirí níos sine). Is é a bhí mar aidhm leis an staidéar sonraí náisiúnta maidir le sláinte ghinearálta, iompraíochtaí sláinte agus úsáid seirbhísí sláinte a bhailiú i measc daoine fásta a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Dhírigh staidéar an dá fhoghrúpa ar eolas ríthábhachtach maidir le próifílí riosca sláinte daoine fásta níos óige agus níos sine a sholáthar. Roghnaíodh téamaí SLÁN 2007 bunaithe ar thosaíochtaí reatha náisiúnta beartais agus seirbhíse. Baineadh úsáid as príomhcháipéisí lena n-áirítear an Straitéis Náisiúnta Sláinte, Ardchaighdeán agus Cothroime (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2001); an Straitéis Náisiúnta um Chur chun Cinn na Sláinte (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2000); agus ceathrú Tuarascáil Bhliantúil an Phríomh-Oifigigh Mhíochaine (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2005). Trí chomhairliúchán breise leis an gcuibhreannas taighde, chuir an Grúpa Maoiniúcháin agus Comhairleach sraith míreanna tosaíochta agus soláimhsithe a bhí le meas le chéile. Príomhriachtanas ba ea sraith príomhshonraí sláinte den daonra náisiúnta a sholáthar – sonraí a chiallódh go mbeadh sé indéanta comparáid a dhéanamh laistigh d’fhoghrúpaí staidéir (inscne, aois agus aicme shóisialta), sna réigiúin seirbhíse sláinte laistigh d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), agus le príomhdhaonraí comparáide eile (go háirithe Tuaisceart Éireann) mar aon le suirbhéanna SLÁN a rinneadh roimhe seo. Ba é an tAonad Cothú Sláinte agus Beartais sa Roinn Sláinte agus Leanaí a mhaoinigh SLÁN 2007. Ba é cuibhreannas SLÁN 2007 a rinne na suirbhéanna agus an anailís. I measc chomhaltaí an Chuibhreannais bhí Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI), Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).</p>