Royal College of Surgeons in Ireland
Browse
SLAN 2007: Suirbhe ar Nosanna Maireachtala Dearcai agus Cothu in.pdf (3.63 MB)

SLAN 2007: Suirbhe ar Nosanna Maireachtala, Dearcai agus Cothu in Eirinn: Priomhthuarascail

Download (3.63 MB)
Version 2 2022-02-02, 11:29
Version 1 2019-11-22, 15:29
report
posted on 2019-11-22, 15:29 authored by Karen Morgan, Hannah McGee, Dorothy Watson, Ivan Perry, Margaret Barry, Emer Shelley, Janas Harrington, Michal Molcho, Richard Layte, Nuala Tully, Eric van Lente, Mark Ward, Jennifer Lutomski, Ronán Conroy, Ruairi Brugha

Is éard atá sa tuarascáil seo na príomhthorthaí ó Shuirbhé ar Nósanna Maireachtála, Dearcaí agus Cothú in Éirinn 2007 (SLÁN 2007). Is é seo an tríú suirbhé SLÁN agus an suirbhé is mó agus is é seo an chéad suirbhé a áirítear teangacha eile ann seachas Béarla agus Gaeilge. Rinneadh staidéir eile roimhe seo in 1998 (Friel et al, 1999) agus 2002 (Kelleher et al, 2003). Tá an dá thuarascáil seo le fáil ar an láithreán gréasáin www.healthpromotion.ie/publications. Rinneadh príomhshuirbhé SLÁN 2007 trí agallaimh duine le duine. Bhí dhá staidéar foghrúpa ann (i) tomhas airde, meáchain agus imlíne coime (foghrúpa freagróirí níos óige) agus (ii) scrúdú fisiciúil níos mionsonraithe (foghrúpa de fhreagróirí níos sine). Is é a bhí mar aidhm leis an staidéar sonraí náisiúnta maidir le sláinte ghinearálta, iompraíochtaí sláinte agus úsáid seirbhísí sláinte a bhailiú i measc daoine fásta a bhfuil cónaí orthu in Éirinn. Dhírigh staidéar an dá fhoghrúpa ar eolas ríthábhachtach maidir le próifílí riosca sláinte daoine fásta níos óige agus níos sine a sholáthar. Roghnaíodh téamaí SLÁN 2007 bunaithe ar thosaíochtaí reatha náisiúnta beartais agus seirbhíse. Baineadh úsáid as príomhcháipéisí lena n-áirítear an Straitéis Náisiúnta Sláinte, Ardchaighdeán agus Cothroime (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2001); an Straitéis Náisiúnta um Chur chun Cinn na Sláinte (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2000); agus ceathrú Tuarascáil Bhliantúil an Phríomh-Oifigigh Mhíochaine (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 2005). Trí chomhairliúchán breise leis an gcuibhreannas taighde, chuir an Grúpa Maoiniúcháin agus Comhairleach sraith míreanna tosaíochta agus soláimhsithe a bhí le meas le chéile. Príomhriachtanas ba ea sraith príomhshonraí sláinte den daonra náisiúnta a sholáthar – sonraí a chiallódh go mbeadh sé indéanta comparáid a dhéanamh laistigh d’fhoghrúpaí staidéir (inscne, aois agus aicme shóisialta), sna réigiúin seirbhíse sláinte laistigh d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), agus le príomhdhaonraí comparáide eile (go háirithe Tuaisceart Éireann) mar aon le suirbhéanna SLÁN a rinneadh roimhe seo. Ba é an tAonad Cothú Sláinte agus Beartais sa Roinn Sláinte agus Leanaí a mhaoinigh SLÁN 2007. Ba é cuibhreannas SLÁN 2007 a rinne na suirbhéanna agus an anailís. I measc chomhaltaí an Chuibhreannais bhí Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn (RCSI), Coláiste na hOllscoile, Corcaigh (UCC), Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus an Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ESRI).

History

Comments

Commissioned by and copyright of the Department of Health and Children. Conducted by the Royal College of Surgeons in Ireland, Economic and Social Research Institute, University College Cork and National University of Ireland Galway. The report and associated reports are available to download from http://www.slan07.ie/

Published Citation

Morgan K, McGee H, Watson D, Perry I, Barry M, Shelley E, Harrington J, Molcho M, Layte R, Tully N, van Lente E, Ward M, Lutomski J, Conroy R, Brugha R. SLAN 2007: Suirbhe ar Nosanna Maireachtala, Dearcai agus Cothu in Eirinn: Priomhthuarascail. Baile Átha Cliath: An Roinn Sláinte agus Leanaí; 2008.

Publication Date

2008-01-01

Usage metrics

    Reports

    Exports

    RefWorks
    BibTeX
    Ref. manager
    Endnote
    DataCite
    NLM
    DC